Gaeilge

An dóigh le gearán a dhéanamh

Réamhrá


Is í An Bhean Uasal Marie Anderson an tOmbudsman don Phóilíniú i dTuaisceart Éireann.

Soláthraíonn Oifig an Ombudsman don Phóilíniú seirbhís atá neamhspleách agus neamhchlaonta a phléann go príomha le gearáin faoi iompar phóilíní.

Bíonn muid ar lorg fianaise a chuideoidh linn cinneadh a dhéanamh ar cé acu a d’iompair póilíní mar ba chuí nó nár iompair.

Déantar ár gcinntí go hiomlán neamhspleách ó na póilíní, ón rialtas nó ó na daoine a rinne na gearáin.


Pléann Oifig an Ombudsman don Phóilíniú le gearáin faoi iompar:

 
  • Póilíní agus roinnt daoine eile a fhostaíonn Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann,
  • Póilíní Cuain Bhéal Feirste,
  • Póilíní Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste,
  • Póilíní na hAireachta Cosanta (i dTuaisceart Éireann,)
  • Oifigigh na Gníomhaireachta Náisiúnta um Choireacht (i dTuaisceart Éireann) agus
  • Oifigigh na Gníomhaireachta Inimirce agus Teorann (i dTuaisceart Éireann), tromchásanna


Ní phléann Oifig an Ombudsman don Phóilíniú le gearáin faoi:

 
  • Cúrsaí oibríochta na bpóilíní, amhail an dóigh a dtugann na póilíní tosaíocht dá gcuid oibre nó ar an dóigh a láimhseálann siad a n-oibríochtaí nó líon na bpóilíní a chuirtear chuig ceantar,
  • Póilíní nach bhfuil ar dualgas, ach má tá sé ábhartha gur póilín iad, amhail má deir siad leat gur póilín iad,
  • Póilíní agus fostaithe póilíneachta atá ar scor, murab é an gearán é gur bhris siad an dlí nuair a bhí siad ag obair do na póilíní.


Le gearán a dhéanamh is féidir leat:

 
  • Scairt ghutháin a chur ar 0300 123 2989
  • Ríomhphost a chur chuig [email protected],
  • le húsáid a bhaint as an bhfoirm ghearán ar líne
  • É a chur i scríbhinn chuig: Oifig na nGearán Tosaigh, Oifig an Ombudsman don Phóilíniú, Foirgnimh Nua na hArd-Eaglaise, 11 Sráid na hEaglaise, Béal Feirste, BT1 1PG
  • Bualadh isteach inár n-oifigí idir 9r.n.- 5i.n. ón Luan – an Aoine.

Ag Déanamh Gearáin


Caithfidh tú gearán a dhéanamh linn laistigh de bhliain amháin den eachtra a bhfuil tú buartha faoi de ghnáth. A luaithe a dhéanann tú é seo is amhlaidh is dócha go mbeidh cineálacha áirithe fianaise ar fáil go fóill.

Pléann an Oifig le gearáin ó dhaoine a bhfuil fáth acu bheith go maith ar an eolas faoi na fíricí eachtra, mar go raibh siad páirteach inti nó go raibh tionchar aici orthu, nó go bhfuil siad ag gníomhú thar ceann a leithéid sin de dhaoine.

Is féidir leis an Ombudsman don Phóilíniú gearán faoi rud éigin a fhiosrú a tharla níos mó ná bliain amháin ó shin sular tuairiscíodh dúinn é má chreideann sí gur ceist throm nó eisceachtúil é.

Déan iarracht a mhéad eolais agus is féidir leat a thabhairt dúinn faoin eachtra a bhfuil tú ag déanamh gearáin air. Déan iarracht na rudaí seo a leanas a lua:
  • lá, am, dáta agus suíomh beacht na heachtra,
  • ainm, uimhir ghualainne agus cur síos fisiceach ar an duine a bhfuil tú ag déanamh gearáin faoi,
  • ainm, seoladh agus uimhreacha gutháin fhinné ar bith,
  • cláruimhir cheann ar bith de na feithiclí a bhí bainteach léi,
  • agus fianaise ar bith eile a d’fhéadfadh bheith ina cuidiú amhail grianghrafanna nó closphíosa nó físphíosa scannánaíochta.
Ná bí buartha munar féidir leat ach cuid den eolas seo a thabhairt dúinn. Déanfaidh muid iarracht teacht ar fhianaise faoin eachtra atá i gceist.
 

Cad é a tharlóidh de thoradh do ghearáin?


Caithfidh muid mar is ceart agus is cóir leis an duine a rinne an gearán agus leis an duine a ndearnadh gearán fúthu.

A luaithe agus a bheidh teagmháil déanta agat linn, gheobhaidh muid sonraí do ghearáin agus déanfaidh muid cinneadh ar an dóigh is fearr le plé leis.

Cuirfidh muid ainm an duine in iúl duit a bheidh ceaptha againn leis an cheist seo a chur chun cinn.

Má chreideann muid go dtiocfadh linn do ghearán a réiteach go neamhfhoirmiúil, D’fhéadfadh muid do chead a iarraidh ort do ghearán a thabhairt do na póilíní le déileáil leis. Má aontaíonn tú leis seo, déanfaidh na póilíní teagmháil leat leis an cheist a phlé agus le teacht ar réiteach, más féidir.  Dhéanfadh muid seiceáil níos déanaí ar an dóigh ar dhéileáil na póilíní le do ghearán.

D’fhéadfadh muid tús a chur le fiosrúchán foirmiúil faoi do ghearán. Dhéanfadh muid iarracht fianaise ar ar tharla a bhailiú, ina measc, ráitis ó fhinnéithe, físphíosaí scannánaíochta, ábhar atá ag na póilíní, tarchuir raidió na bpóilíní san aireamh, taifid leighis, fianaise fhóiréinseach agus eolas ar bith eile a fháil.

Beidh do chomhoibriú linn de dhíth le linn an fhiosrúcháin. D’fhéadfadh muid teacht ar ais chugat, mar shampla, chun tuilleadh eolais a fháil.

Tabharfaidh muid a mhéad eolais agus is féidir linn a thabhairt ag gach céim den phróiseas gearán.


Toradh Do Ghearáin


Is féidir leis an Ombudsman don Phóilíniú teacht ar roinnt cinntí éagsúla faoi do ghearán i dtaca leis na póilíní nó le hoifigigh um forfheidhmiú an dlí eile atá ag obair i dTuaisceart Éireann, ag brath ar an fhianaise atá ar fáil.
D’fhéadfadh sí:
  • Moladh go gcúiseofaí póilín, fostaí póilínithe nó oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí.
  • Moladh gur chóir go smachtófaí póilín, fostaí póilínithe nó oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí.
  • Moladh go ndéanfadh póilín, fostaí póilínithe nó oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí tuilleadh traenála.
  • Moladh go gcuirfeadh póilín, fostaí póilínithe nó oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí feabhas ar chuid dá gcleachtais oibre nó
  • Cinneadh a dhéanamh nach mbeadh an fhianaise ann chun tacú le do ghearán.
Déanfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cinneadh ar dhuine éigin a chúiseamh nó gan a chúiseamh. Má dhéanfaidh an Stiúrthóir cinneadh ar dhuine éigin a chúiseamh, míneoidh muid an próiseas seo duit.

Déantar moltaí smachtaithe do Phríomh-Chonstábla SPTÉ nó do cheannasaí na gníomhaireachta atá i gceist. Má dhéanfar cinneadh póilín a smachtú, míneoidh muid an próiseas seo duit.

Cibé toradh a bheidh ann, nuair a bheidh muid críochnaithe lena bheith ag déileáil le do ghearán, scríobhfaidh muid chugat, cuirfidh muid toradh an chinnidh in iúl duit agus míneoidh muid cinneadh an Ombudsman don Phóilíniú duit.
 

Do Thuairimí.


Nuair a bheidh muid críochnaithe lena bheith ag déileáil le do ghearán, cuirfidh muid ceistiúchán chugat ag iarraidh do thuairimí faoinár seirbhís. D’iarrfadh muid ort an ceistiúchán seo a líonadh isteach agus a chur ar ais chugainn. Mar gheall ar dhaoine a rinne gearáin san am atá caite tá feabhsuithe déanta againn ar an tseirbhís a sholáthraíonn muid.

Má tá tú míshásta leis an tseirbhís a sholáthraigh muid duit, d’fhéadfá gearán a dhéanamh. Ba chóir duit scríobh chuig an Rannóg do Ghearáin ó Chustaiméirí ag an seoladh seo a leanas:

Oifig an Ombudsman don Phóilíniú,
Foirgnimh Nua na hArd-Eaglaise,
11 Sráid na hEaglaise,
Béal Feirste,
BT1 1PG
 
Twitter home